ag
(Prep Simp)

go leor comharthaí ag na daoine san oileán seo le n-inseacht cén sórt aimsire a bhíonn le teacht. 🔊

Nuair a bhíonn an ghealach ag imeacht go h-éasca ins an spéir, bíonn stoirm le teacht. 🔊

Nuair a bhíonn na réaltógaí ag preabaidh ins an spéir is comhartha é sin go bhfuil drochaimsir air. 🔊

Nuair a bhíonn cúr ag imeacht ar an bhfarraige is comhartha é go bhfuil farraigí móra le teacht, agus nuair a bhíonn go leor sruthanna le feiceál sa bhfarraige bíonn báisteach air. 🔊

bhíonn éanlaithe ag eiteall go h-ard sa spéir, is comhartha é go bhfuil aimsir bhreá air. 🔊

bhíonn lachainn ag eiteall agus ag craitheadh a gcuid sciathán, is comhartha é go bhfuil báisteach air. 🔊

Nuair a bhíonn mada ag ithe féir, bíonn báisteach air freisin. 🔊

Nuair a bhíonn an ghrian dearg ag dul faoi, bíonn aimsir bhreá air. 🔊

Nuair a bhíonn go leor míoltóga le feiceál, agus bhíonn seangáin a bhfuil sciatháin ortha ag imeacht thart, is comhartha báistí é sin. 🔊

Scríofa ag: Dara Ó Conghaile. 🔊

Frequency index

Alphabetical index